Tugtar spléachadh anseo ar roinnt de na clónna is tábhachtaí agus is spéisiúla a úsáideadh i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge ón 16ú céad i leith.


Cló Eilíse

Tógadh an sliocht thuas ó leathanach teidil an chéad leabhar sa chló Gaelach a foilsíodh riamh - Aibidil Gaoidheilge & Caiticiosma le Seán Ó Cearnaigh. Seo a bhfuil scríofa sa ghiota thuas:

Do buaileadh so á gcló ghaoidheilge, a mbaile Atha clíath, ar chosdas mhaighisdir Sheón uiser aldarman, ós chionn an dhroichid. an 20. lá do Iuín. 1571.

Noda nó nasclitreacha a úsáideadh i gcás na litreacha a bhfuil línte fúthu sa leagan athscríofa.

Féach sampla eile i bhfoirm PDF anseo.


Cló Lováin

Is le haghaidh úsáid na clólainne i gColáiste San Antaine i Lováin a dearadh an cló seo. D'fhéadfaí a rá gurb é an coláiste seo na bProinsiasach Éireannach ceanncheathrú an fhrith-reifirméisin Chaitlicigh agus ceanncheathrú léinn na Gaeilge sa 17ú céad; úsáideadh an cló i leabhair chráifeacha agus diagachta nárbh fhéidir a fhoilsiú in Éirinn de bharr na dlíthe i gcoinne na heaglaise Caitlicí a bhí i bhfeidhm ag an am. Seo a bhfuil scríofa sa ghiota thuas:

As námha an chéird nách foghlamthar; ní ghlacann tú an tsácraimuinntsi acht uair san mbliadhuin & a nuair sin féin ní dhéan tú fogh-

Noda nó nasclitreacha a úsáideadh i gcás na litreacha a bhfuil línte fúthu sa leagan athscríofa.

Féach an sampla i bhfoirm PDF anseo.


Cló Phárais

Úsáideadh an cló seo don chéad uair le haghaidh an fhoclóra Béarla-Gaeilge a scríobh an tAthair Conchubhar Ó Beaglaoich agus a cuireadh amach i bPáras sa bhliain 1732. Ag tús an leabhair bhí dán tiomnaithe a chum Aodh Buí Mac Cruitín agus is as a tógadh an véarsa thuas. Seo a bhfuil scríofa ann:

Do bháigh le hinis éilge. Do dháil glanchlódh Gaoidheilge,
Daithbheodhadh ar tteangan tráth. Tá Gan eagar ann anbhádh.

Tá an cló seo níos cosúla le peannaireacht ná mar atá aon chló Gaelach eile dá raibh ann go dtí seo.

Féach an sampla i bhfoirm PDF anseo.


Cló Parker

Baineann tábhacht ar leith leis an gcló seo mar is é an chéad chló Gaelach é a dearadh in Éirinn. Teilgeoir cló darbh ainm Stephen Parker a chruthaigh é agus is cosúil go raibh cló Phárais (féach thuas) mar eiseamláir aige. Úsáideadh é don chéad uair in iris léannta a chuir Acadamh Ríoga na Éireann amach sa bhliain 1788, ach is é an saothar is tábhachtaí a clóbhuaileadh leis an duanaire dar teideal Reliques of Irish Poetry a chuir Charlotte Brooke in eagar agus a foilsíodh sa bhliain 1789.

Féach an sampla i bhfoirm PDF anseo.


Cló Watts

Is ar mholadh an Hibernian Bible Society a dearadh cló Watts le haghaidh eagráin den Tiomna Nua a foilsíodh sa bhliain 1818 agus is as an eagrán céanna a tógadh an giota thuas. Tá cló Watts ar cheann de na clónna Gaelacha is breátha dar dearadh riamh, ach bhí na litreacha ró-mhór le haghaidh riachtanais na mBíoblóirí ar theastaigh uathu eagráin shaora de na scrioptúir a dháileadh ar an bpobal. Níorbh fhada gur dearadh cló eile a bhí níos praiticiúla - féach cló Fry thíos.

Féach an sampla i bhfoirm PDF anseo.


Cló Fry

Tá cosúlacht nach beag idir stíl na litreacha i gcló Fry agus i gcló Watts ach tá na mionlitreacha cuid mhaith níos lú i gcló Fry, rud a laghdaigh costas na clódóireachta. Bheadh ceannlitreacha an chló nua níos oiriúnaí don chló dubh ná don chló Gaelach, áfach, rud nár thaitin le mórán léitheoirí, agus is minic a baineadh úsáid as cló measctha inar tógadh na ceannlitreacha ó chló Watts agus na mionlitreacha ó chló Fry - meascán atá le feiceáil sa sliocht thuas as eagrán de Laoidh Oisín ar Thír na nÓg a cuireadh amach i mBaile Átha Cliath i dtreo dheireadh an chéid (níl dáta a fhoilsithe luaite air).

Féach an sampla i bhfoirm PDF anseo.


Cló Figgins

B'fhéidir gurb é seo an cló Gaelach is leithlí dar dearadh riamh. Ní hamháin nach raibh na consain shéimhithe le fáil ann, ach bhí na ceannlitreacha 'R' agus 'S' ar aon dul leis na mionlitreacha ó thaobh dearadh de (féach an focal 'Róimh' sa dara líne thuas). Mar bharr ar an donas, chuir cruth na gceannlitreacha 'M' agus 'N' mearbhall ar an té a chuir an cló don saothar is tábhachtaí inar úsáideadh é, an Irish Minstrelsy le James Hardiman (1831) - féach go bhfuil 'Rónhámach' in ionad 'Rómhánach' i dteideal an dáin sa chomhad PDF thíos. Ní nach ionadh, is beag úsáid a baineadh as an gcló ina dhiaidh sin. Caithfear a rá, áfach, go bhfuil buanna áirithe ag baint leis agus go bhféadfaí na lochtanna atá air a leigheas gan mórán stró i ré seo na ríomhaireachta.

Féach an sampla i bhfoirm PDF anseo.


Cló Petrie

Úsáideadh an cló seo go minic le haghaidh mórán eagrán de shaothair acadúla sa dara leath den 19ú céad agus isteach sa chéad seo caite. Is é an saothar is tábhachtaí díobh ar fad, b'fhéidir, an t-eagrán de Annála Ríoghachta Éireann a cuireadh amach sa bhliain 1856, ach is as Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair (1917) a tógadh an giota thuas.

Féach an sampla i bhfoirm PDF anseo.


Cló Newman

Dearadh an cló seo le haghaidh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann toisc gur diúltaíodh cead don ollscoil Cló Petrie - ar le clólann Choláiste na Tríonóide é - a úsáid. Is ar Chló Newman a bunaíodh formhór na gclónna Gaelacha a dearadh ó shin i leith, ní nach ionadh mar tá sé níos soléite agus níos rialta ná aon chló a chuaigh roimhe. Caithfear a rá, áfach, go raibh sciar ró-mhór den mhargadh ag an gcló seo ar feadh i bhfad: bhí na comhlachtaí clótheilgin go léir sásta aithris a dhéanamh ar a chéile in ionad clónna nuadheartha a chur amach. Cé gur foilsíodh i bhfad níos mó ábhair i nGaeilge sa chéad leath den 20ú céad ná in aon tréimhse roimhe sin, is beag forbairt a rinneadh ar an gcló Gaelach sna blianta céanna. Is é an dearcadh a bhí ag Gaeilgeoirí na linne, de réir dealraimh, gur leor cló maith amháin dóibh agus go mbeadh an dara ceann iomarcach - agus go bhféadfadh sé mearbhall a chur ar fhoghlaimeoirí na teanga. D'fhág an dearcadh cúng sin go raibh cuma thur mharbhánta ar fhoilseacháin na Gaeilge i ré na hathbheochana, rud a réitigh an bealach do bhua an chló Rómhánaigh i 'gcogadh na gclónna' ar ball.

Féach an sampla i bhfoirm PDF anseo.


Cló Uí Shearcaigh

Níor úsáideadh an cló seo ach uair amháin don Ghaeilge - le haghaidh leabhair dar teideal Foghraidheacht Gaedhilge an Tuaiscirt le Séamus Ó Searcaigh a d'fhoilsigh an comhlacht foilsitheoireachta Browne & Nolan sa bhliain 1925. Is sa Ghearmáin a clóbhuaileadh an saothar úd agus ceaptar nach don Ghaeilge ach don Sean-Bhéarla a dearadh an cló an chéad lá ariamh. Tabhair faoi deara nach raibh ach dhá cheannlitir sa stíl Ghaelach le fáil ann ('G' agus 'H') - litreacha Rómhánacha a úsáideach le haghaidh na gceannlitreacha eile go léir.

Féach an sampla i bhfoirm PDF anseo.


Cló Cholm Cille

Is cló é seo a dhear Colm Ó Lochlainn agus a d'úsáid sé ina chlólann féin, 'Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal', ach nach bhfuair an t-aitheantas ná an tacaíocht a bhí ag dul dó riamh. Níl aon amhras ach gurb é cló Cholm Cille an cló Gaelach is fearr dar dearadh i ré an chló miotail, ré a mhair ón 16ú céad go dtí an 20ú céad i gcás na Gaeilge ach atá chomh marbh le ré na lámhscríbhinní anois. Is as an leabhar Ór na h-Aitinne le Tomás Bairéad, a foilsíodh i 1949, a tógadh an giota thuas.

Féach an sampla i bhfoirm PDF anseo.


An Cló Nua-Rómhánach

Is cló é seo a dhear Liam Miller agus nár úsáideadh ach le haghaidh aon leabhar amháin - an t-eagrán de An Béal Bocht ónar tógadh an sampla thuas. Mar a thugann an t-ainm le tuiscint, ní cló Ghaelach é seo ach cló Rómhánach a leasaíodh le go mbeifí in ann an ponc séimhithe a chur isteach ann. Smaoineamh maith a bhí ann, ach smaoineamh nár éirigh leis ... go fóill cibé ar bith.


Eolas breise

Ceithre Chéad Bliain de Chló Éireannach, suíomh de chuid Choláiste Phádraig, Droim Conrach, a dhréachtaigh Brendan Leen.

Gaelic Typefaces: History and Classification, anailís le Michael Everson ar na clónna Gaelacha go léir a dearadh ón 16ú céad anuas go dtí ár linn féin.

E.W. Lynam, The Irish Character in Print 1571-1923, an chéad eagrán ón Oxford University Press, 1924, agus an dara eagrán le réamhrá nua a scríobh Alf Mac Lochlainn ón Irish University Press, Sionainn 1968.

Dermot McGuinne, Irish Type Design: A History of Printing Types in the Irish Character, Irish Academic Press, Baile Átha Cliath 1992.

Mathew D. Staunton, Trojan Horses and Friendly Faces: Irish Gaelic Typography as Propaganda.


WWW.SCRIBHINN.ORG