Ar an leathanach seo gheofar samplaí d'úsáid an chló Ghaelaigh i meáin éagsúla, san am atá imithe agus sa lá atá inniu ann. Beifear ag cur leis an gcnuasach de réir a chéile.

An Clóscríobh

Fadó fadó, an tan do mhaireadar Gaeil in Éirinn beo, agus sula raibh aon trácht ar ríomhairí, bhaintí usáid as innill mheicniúla ar a dtugtaí 'clóscríobháin' chun téacsaí tábhachtacha nó oifigiúla a scríobh. Níorbh ionann an stíl litreacha a bhí ag na clóscríobháin go léir, agus tá dhá stíl éagsúla le feiceáil sna léaráidí thíos.


Féach an sampla den stíl seo i bhfoirm PDF anseo.


Féach an sampla den stíl seo i bhfoirm PDF anseo.

Tá leaganacha digiteacha de na stíleanna clóscríofa thuas a bhfuil 'Doire' agus 'Teamhair orthu curtha amach ag Michael Everson le blianta beaga anuas.


An Ríomhaireacht

An bhfuil athbheochaint i ndán don chló Gaelach i ré seo na ríomhaireachta? Is deacair a rá. Is cinnte go bhfuil níos mó clónna curtha amach le blianta beaga anuas ná mar a eisíodh i rith tréimhse ar bith eile ón uair a thosaigh clóbhualadh na Gaeilge ag deireadh an 16ú céad. Is fíor freisin go bhfuil sé chomh héasca anois don té a bhfuil na háiseanna cuí aige téacs a phróiseáil sa chló Gaelach agus atá sa chló Rómhánach. Ach ina dhiaidh sin is uile, caithfear a admháil gur beag úsáid a baineadh as an gcló Gaelach go dtí seo sa réimse is tábhachtaí ar fad den saol digiteach - mar atá, anseo ar an ngréasán domhanda. Agus ní taise don suíomh seo é ...

Ach tá correisceacht ann, agus tá ceann de na hiarrachtaí is fearr chun an nua-theicneolaíocht agus an cló Gaelach a chur in oiriúint dá chéile le feiscint ar an suíomh dar teideal An Cainteoir Dóchais leis an Seiceach Gaelach Michal Boleslav Mechura. Má roghnaíonn tú an cnaipe a bhfuil 'Cló Gaelach' air sa cholún ar dheis, seo é an saghas ruda a fheicfidh tú ar an suíomh - má bhíonn an t-ádh ort:

Pictiúir

Léiríonn na pictiúir thíos roinnt de na stíleanna cló a bhí in úsáid le céad bliain anuas, ó thús ré na hathbheochana anuas go dtí ár linn féin. Ní dearnadh iarracht ar bith na léaráidí a rangú ó thaobh tréimhse ná ó thaobh feidhme de mar síleadh gur mhó a n-éifeacht dá mbeadh samplaí éagsúla le feiceáil i dteannta a chéile. Chun taisteal soir nó siar i measc na bpictiúr thíos, roghnaigh an tsaighead ar dheis nó ar chlé faoi seach.


WWW.SCRIBHINN.ORG