Gheobhaidh an té a bhfuil sé i gceist aige an cló Gaelach a
úsáid chun téacsanna a chlóbhualadh nó a fhoilsiú
ar an ngréasán domhanda comhairle faoin gcur chuige is fearr anseo.
|
|
An séimhiú
|
Cuirim i gcás gurb é seo an téacs atá le foilsiú agat:
Fíor 1
Ní leor an cló a athrú ó cheann Rómhánach
go ceann Gaelach mar atá déanta i bhfíor 2 thíos. Má
ligeann tú téacs i gcló sa riocht seo beidh a fhios ag an saol gur
filistíneach cruthanta thú - gach seans go dtréigfidh do chéile
thú is go mbogfaidh an cat isteach leis na comharsana béal dorais!
Fíor 2
Is é an riail is bunúsaí a bhaineann le húsáid an
chló Ghaelaigh go gcaithfear ponc séimhithe a chur ar na consain
shéimhithe i gcorp an téacs más mionlitreacha iad (féach
fíor 3). Mura bhfuil tú sásta an méid sin a dhéanamh,
má cheapann tú gur fearr a oireann an 'h' don ábhar nó don
lucht léitheoireachta ar a bhfuil sé dírithe, tá réiteach
simplí ar an bhfadhb agat: cloígh leis an gcló Rómhánach
- níl aon rud cearr leis.
Fíor 3
Ach i gcás na gceannlitreacha, is ceadaithe (cé nach gá) 'H' nó 'h'
a úsáid in ionad an phoinc. 'H' a úsáidtear go minic nuair is
ceannlitreacha a fad a bhíonn san fhocal agus is cleas úsáideach é
chun breis airde a tharraingt ar abairt. An 'h' a úsáidtear nuair is
é an litir tosaigh den fhocal amháin atá ina cheannlitir; ní léir
dom go mbaineann buntáiste ar bith le húsáid an 'h' sa dara cás,
ach tá an nós sin ann (fíor 4).
Fíor 4
Tá cás amháin eile inar féidir 'h' a úsáid mar chomhartha
séimhithe sa chló Gaelach, .i. chun béim a leagan ar
fhocail áirithe - ar fhotheidil abair, nó ar fhocail atá scríofa
i gcló trom, nó a bhfuil spás níos leithne fágtha idir na
litreacha iontu (fíor 5). Seo nós a bhí ag clódóirí
fadó nuair a bhí na clófhoirne troma gann agus na clófhoirne
iodálacha in easnamh ar fad, agus moltar duit an nós a sheachaint más
féidir mar tá bealaigh níos fearr ann anois chun béim a leagan ar
fhocail. Thairis sin, tá an baol ann nach dtuigfear cad tá ar siúl agat
agus go gceapfar gur filistíneach den saghas a luadh cheana thú.
Fíor 5
|
|
R agus S
|
Ar ndóigh, is féidir an 'r' ard agus an 's' ard a úsáid in ionad
na litreacha ísle, mar atá léirithe sa sampla thíos (fíor 6). Ach má
dhéantar amhlaidh, caithfear bheith cúramach gan na litreacha a mheascadh i
gcorp an téacs. Is é sin le rá, níor chóir 's' ard agus 'r' íseal
(ná a mhalairt) a úsáid taobh le taobh. Agus má athraíonn tú
foirm an 's', ná déan dearmad an t-athrú céanna a dhéanamh i
gcás an 's' séimhithe.
Fíor 6
Ach tá roinnt cásanna inar féidir an dá shaghas litreacha a
mheascadh. Is fearr a oireann na litreacha ísle do chinnteidil agus
d'fhotheidil, mar shampla, agus is féidir iad a úsáid sna cásanna
sin, fiú má bhíonn na foirmeacha arda in úsáid i gcorp an téacs.
Is ceadaithe freisin (cé nach gá) na litreacha ísle a úsáid le
haghaidh focal agus ainmneacha ón iasacht, rud a dhéanann níos
soléite iad (fíor 7) go minic.
Fíor 7
Tá cás amháin eile inar féidir an dá shaghas litreacha a
mheascadh. I ré na luath-chlódóireachta bhíodh sé de nós ag
clódóirí na foirmeacha ísle a úsáid ag deireadh na bhfocal cé
go mbíodh na foirmeacha arda i dtús agus i lár na bhfocal acu (fíor 8).
Ní léir dom go mbaineann aon bhuntáiste leis an nós sin, ach is bealach é
le cuma ársa a chur ar théacs.
Fíor 8
Lean na moltaí thuas agus beidh tú in ann téacsanna clóchurtha a chruthú nach ngoillfidh ar shúile na léitheoirí.
|